Irish Independent - Seachtain

SCÉAL NA SEACHTAINE

-

Tá gach ar féidir a rá faoi chluiche an deiridh seachtaine seo caite ráite faoin tráth seo. Cé go bhfuil muidne fós ag caint air, bí cinnte go bhfuil dearmad déanta ag na himreoirí air agus iad ag dul chun na hAlban.

Ní hé deireadh an tsaoil é gur chlis orthu in aghaidh Shasana, ach beidh le feiceáil ar corr sa bhóthar a bhí ann, nó comhartha nach bhfuil rudaí chomh maith agus a ceapadh ag tús na míosa. Tá cead ag gach duine drochlá a bheith acu ag an obair, ach faraor bhuail an galar an iomarca acu Dé Sathairn seo caite.

Tá trua de chineál agam do lucht na hAlban. Má éiríonn le foireann na hÉireann na stocaí a tharraingt aníos in am, beidh siad gan stopadh in iarracht taispeáint don saol mór go bhfuil siad go maith, agus go mbeidh siad ag díriú ar Chorn an Domhain níos deireanaí i mbliana.

Tá siad leonta agus láidir, agus beidh a fhios againn faoi cheann seachtaine cén cineál carachtair atá iontu, go háirithe agus an oiread imreoirí ar an mbinse mar gheall ar ghortuithe.

 ?? PIC: SPORTSFILE ??
PIC: SPORTSFILE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland