Tréimhse dheacair ar siúl in Arsenal – agus níl Emery ag cabhrú leis
Ní gá a mheabhrú d’aon duine a thacaíonn le Arsenal go bhfuil an bhearna idir iad agus Manchester City ag dul i méid, ach aisteach go leor, sin a rinne Unai Emery cúpla babhta tar éis gur chaill siad i gcoinne City cúpla lá ó shin.
Ba léir gur mhothaigh a fhoireann nach raibh siad chomh maith le City agus bhí sé sin le feiceáil san imirt.
Níl siad i measc na gcúig fhoireann is fearr ar an tábla níos mó, ach cé go bhfuil a fhios againn ar fad go bhfuil City níos fearr ná Arsenal, cuireann sé iontas an domhain orm go bhfuil a mbainisteoir á rá sin os ard.
Tá Manchester United, fiú, tar éis a ndrochshéasúir, gaibhte chun cinn orthu anois, rud nach mbeadh aon chuimhne air cúpla seachtain ó shin.