CHRIS GREENE:
BÍM AN-SEARBH AR FAD FAOI LÁ SAN VAILINTÍN LEATHANACH
DEA-SHEACHTAIN: LÁNÚINEACHA
Bím an-searbh ar fad faoi Lá San Vailintín. Táim cinnte nach mór an t-iontas duit é leis an ngiúmar is gnách sna hailt seo, ach b’fhéidir gurb é an chúis an rud atá faoi deara anseo.
Siúd is go ndéanaim mo dhícheall é a dhiúltú gach bliain le buairt shoiniciúil ógánta, fillim i gcónaí ar an bhfíric nach drochsmaoineamh é ag deireadh an lae. Cuireann an tuiscint sin tuilleadh frustrachais orm fós.
Cinnte, is feachtas dianmhargaíochta é atá mar scéim phirimide cártaí beannachta uafásacha agus béiríní saora, ach fós aontaím leis an smaoineamh atá taobh thiar de fiú más seift
áiféiseach shaorga é.
I mo thuairimse, is as sin a thagann an strus, déanfaimid gearán faoin lá, ach fós rachaimid amach le
haghaidh dinnéar ad hoc go doicheallach, agus bainfimid taitneamh as go rúnda, ag gearán an t-am ar fad.
DROCHSHEACHTAIN: ZÚ I MBÉAL FEIRSTE
Anois, tá a fhios agam go bhfuil mé ag ceangal gach rud leis an mBreatimeacht na laethanta seo, ach caithfidh tú cead a tabhairt dom chun an ceann seo a phlé:
d’éalaigh dhá ainmhí ó Zú Bhéal Feirste le déanaí in dhá eachtra éagsúla.
An gceapann tú go bhfuil an tuiscint fiú acu siúd iarracht a dhéanamh chun fanacht san Aontas Eorpach agus go raibh said ag iarraidh teorainn an tuaiscirt a thrasnú i nDún Dealgan. Ó, tá mé an-ghreannmhar.
Ach i ndáiríre, drochsheachtain é don
Zú ó thuaidh agus iad ag déileáil leis an dara hiarracht éalaithe i rith na míosa. Panda rua an chead éalaitheach cúpla seachtain ó shin agus is simpeansaí glic an ceann is déanaí. Anois, deirtear go bhfuil bua saoithiúil ag ainmhithe tuar a dhéanamh ar thubaistí sula dtarlóidh siad. B’fhéidir go bhfuil a fhios acu faoi thír áirithe agus í ag fágáil an Aontais Eorpaigh. Brón orm. Ní fhéadfainn jóc amháin eile faoi a ligint tharam.