Irish Independent - Seachtain

An Poc Ar Buile

Scoileanna T1/T2 - an dara/tríú bliain Is féidir dul go TG4Foghlai­m chuig rannóg na n-amhrán chun féachaint ar leagan spleodrach den amhrán seo.

-

Ag gabháil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha Píce im’ dhóid ‘s mé ag dul i meitheal Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh Ach pocán crón is é ar buile... [Curfá] Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an poc ar buile! Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an poc ar buile! Do ritheamar trasna trí ruilleogac­h, Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge, Is treascairt do bhfuair sé sna turtóga Chuas ina ainneoin ina dhroim le fuinneamh... [Curfá] Níor fhág sé carraig go raibh scót ann Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh, Is ansan do chaith sé an léim ba mhó, Le fána mhór na Faille Bríce... [Curfá] Bhí garda mór i mBaile an Róistigh Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann ‘S dá bhríste nua do dhein sé giobail... [curfá] I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna Bhí an sagart paróiste amach ‘nár gcoinnibh Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis A ghaibh an treo ar phocán buile... 1. Féach ar an amhrán ar TG4 Foghlaim. 2. Can an t-amhrán seo, agus na focail os do chomhair amach, sa rang le do chuid cairde. Bainigí taitneamh as na focail a rá cosúil leis an amhránaí san fhíseán. 3. Léigh an sliocht thall faoin gcúlra stairiúil a bhaineann leis an amhrán seo. 4. Scríobh scéal bunaithe ar an amhrán. Is féidir é a chur isteach i do phunann. 5. Labhair leis an duine in aice leat faoin ainmhí is fearr leat.

An Poc ar Buile

Ba dhán é An Poc ar Buile a chum an Corcaíoch, Dónal Ó Mulláin, ag tús an chéid seo caite. Tháinig cáil ar an dán sna seascaidí nuair a chuir Seán Ó Riada le ceol é. Is amhrán lán le beocht é a léiríonn an gabhar mar shiombail do spiorad dochloíte na nGael a throid ar son na saoirse. Gach Lúnasa, bíonn Aonach an Phoic ar siúl i gCill Orglan. Is féile cháiliúil í seo a dhéanann an gabhar a cheiliúrad­h. Fadó fadó, le linn ré Chromail, bhí roinnt gabhar thuas sna sléibhte in aice le Cill Orglan ach tháinig buíon de shaighdiúi­rí Chromail agus chuir siad isteach go mór ar na gabhair bhochta. Theith siad ar nós na gaoithe ach d’imigh gabhar amháin síos chomh fada le baile Chill Orglan. Thuig muintir an bhaile ansin go raibh dainséar i ndán dóibh agus gur rabhadh é teacht an ghabhair fhiáin seo. Ó shin i léith, gléasann muintir an bhaile gabhar ó na sléibhte mar rí. Cuireann siad coróin ar a cheann agus cuirtear in airde i lár an bhaile é ar ardán ar feadh trí lá agus trí oíche. Canann siad an t-amhrán An Poc ar Buile ag an bhféile seo agus gabhann siad buíochas leis an ngabhar a thug slán iad ó na saighdiúir­í contúirtea­cha a bhí ar an mbealach.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland