Ag dul rite le húdaráis oibríocht mhídhleathach a dhúnadh
Tá cibearchoirpigh a d’eagraigh camscéim náisiúnta theilifíse i mbun oibre arís coicís i ndiaidh iad a dhúnadh, a nochtann fiosrúchán Seachtain.
Nuair a thug póilíní sa Bhulgáir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil agus an Ísiltír faoi ruathair a chomhordaigh gníomhaireacht comhair bhreithiúnaigh an Aontais Eorpaigh, Eurojust, an mhí seo caite, is féidir linn a nochtadh anseo den chéad uair gur dúnadh sruthú teilifíse mídhleathach anseo in Éirinn freisin.
Ghabh na póilíní níos mó ná scór daoine a rabhthas in amhras fúthu ar an mór-roinn mar chuid d’oibríocht leanúnach in aghaidh Xtream Codes, oibríocht mhídhleathach sruthaithe líomhnaithe trína mbíonn daoine in ann breathnú ar chainéil mhóra teilifíse ach €5 a íoc in aghaidh na míosa.
Bhíodh custaiméirí anseo in Éirinn in ann breathnú gan srian ar Sky Sports, BT Sport agus na scórtha cluichí peile beo, chomh maith le cainéil scannán agus sraitheanna nach mbíonn ar fáil go hiondúil gan i bhfad níos mó a íoc le seirbhísí ar nós Netflix.
Ach d’fhoghlaíomar gur tugadh faoi ruathair ar fud na hEorpa an 18 Meán Fómhair, agus gur múchadh seirbhísí sruthaithe go tobann anseo in Éirinn ag an am céanna.
B’éigean do na soláthraithe imníocha – a bhíonn i dteagmháil lena gcustaiméirí ar ghrúpaí Whatsapp – leithscéal a ghabháil toisc nach raibh a gcuid seirbhísí ag obair. Mura bhfuil tú sna trithí ag gáire faoin sceitse is déanaí ag an bhfoireann grinn, Foil, Arms and Hog go fóill, caithfidh nach bhfuil tú i do chónaí ar an bpláinéad seo.
Tá beagnach dhá mhilliún duine tar éis amharc ar an bhfíseán is déanaí ón bhfoireann sceitsí a léiríonn eachtra ina bhfuil póilíní i Sasana ag iarraidh fear ón tír seo a cheistiú – ach is i nGaeilge amháin a fhreagraíonn sé iad.
Iarrann siad ar chomhghleacaí ó Éirinn cuidiú leo agus iad ag ceapadh go bhfuil Gaeilge aige – ach an bhfuil?
Is cinnte go mbeidh fuirseoirí eile ag faire go géar ar thaithí Foil, Arms and Hog agus cá bhfios ach go mbeidh a thuilleadh acu ag baint úsáid as an nGaeilge ina gcuid seónna amach anseo.
Tá féith an ghrinn go láidir ag na Gaeil!