Lá Mór Camógaíochta
Bhí lá mór ag mná na camógaíochta le déanaí nuair a bhailigh siad le chéile i gceanncheathrú
CLG do chluichí ceannais na hÉireann. D’éirigh le Ciarraí agus Luimneach an Cluiche Ceannais a bhaint amach i gCraobhchomórtas Sóisir na bliana. Bhí an Corn Kay Mills le buachan. Níl aon taithí ag daoine a bheith ag féachaint ar imreoirí i ngeansaí Chiarraí agus camán ina nglac acu! Ach níorbh aon dóithíní iad! D’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Luimneach. An scór deiridh a bhí ann ná Ciarraí 0-11 agus
Luimneach 0-08. Tá siad fós ag ceiliúradh, is dócha! Ansin bhí an Cluiche Ceannais Idirmheánach agus ar siúl idir an Iarmhí Gaillimh. Ní minic a bhíonn an Iarmhí le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh ach thaispeáin siad gur cheart dóibh a bheith ann! Ag leath ama chuirfeá geall leis go mbeadh an bua ag Gaillimh mar is é 1-08 in aghaidh 0-4 an scór a bhí ann. Scóráil Pamela Greville naoi gcúilín agus bhí cluiche iontach ag Laura Doherty agus ag Amy Scally ag cosaint an chúil.
An scór deiridh a bhí ann ná an Iarmhí 1-11 agus Gaillimh
1-09. Tá Corn Jack McGrath imithe abhaile go dtí Contae na hIarmhí. Comhghairdeas leo!
Is ansin a thosaigh an cluiche mór, an Cluiche Ceannais Sinsir
Bhí Gaillimh agus Cill Chainnigh sa chamógaíocht. ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Is
Mionúr na bhFear cúpla mar sin a bhí freisin i gCluiche Ceannais seachtain roimhe sin! D’éirigh le fir na Gaillimhe an corn a bhreith amhlaidh a bheadh ann do na mná? leo ach an An bhféadfaidís Corn Uí Dhufaigh a
An-chomhrac a bhí eatarthu. bhreith leo thar an tSionainn? Bhuaigh Gaillimh Cluiche Ceannais theastaigh ó Chill Chainnigh na Sraithe díoltas a i gcoinne na gCat agus bhaint amach orthu. Is beag a bhí
Gaillimh trí chúl sa chéad leath idir na foirne ach nuair a fuair bhí sé soiléir go raibh siad ocrach.
Niamh Kilkenny, Ailish O’Reilly Bhí taispeántas den scoth le feiceáil agus Niamh Hannify agus scóráil ó Carrie Dolan sé chúilín le linn an chluiche. Is í seo an tríú huair as a chéile do Chill Chainnigh Cluiche Ceannais na hÉireann a chailleadh. An scór deiridh a bhí ann ná Gaillimh 3-14 agus Cill Chainnigh 0-17. Tá Corn Uí Dhufaigh i gContae na dTreabh! Bhí slua 24,730 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar an lá. Is ardú é an líon seo i gcomparáid le haon bhliain eile go dtí seo, ach ba cheart go mbeadh sé ag ardú leis an gcaighdeán imeartha atá le feiceáil ann. Tá obair agus traenáil dhian ag teastáil chun an t-ardchaighdeán sin a bhaint amach agus ba cheart é sin a cheiliúradh agus a aithint.