Irish Independent - Seachtain

Curiarrach­t sa pheil

-

Bhí brú agus strus mór ar fhoireann Bhaile Átha Cliath mbliana thar aon bhliain eile nuair a bhí siad ag tabhairt faoi Chraobhcho­mórtas Sinsir na hÉireann sa pheil i mbliana. Bhí Corn Mhig Uidhir buaite acu ceithre bliana as a chéile. Ach níor leor ceithre bliana as a chéile chun curiarrach­t a bhaint amach. An bhféadfaid­ís éacht mar sin a bhaint amach in 2019? Cé a bheadh ábalta Jim Gavin agus a fhoireann peile a stopadh? D’éirigh le Ciarraí, leis an mbainisteo­ir nua, Peter Keane, an Cluiche Ceannais a bhaint amach. Bhí antaithí ag Peter Keane a bheith i bPáirc an Chrócaigh le foirne peile eile thar na blianta ach ní raibh sé riamh ann le foireann sinsir Contae. Fir óga ar fad atá ag an bhfoireann seo de chuid Chiarraí, gan mórán taithí acu ar bheith ag iarraidh greim a fháil ar Sam i gCluiche Ceannais na hÉireann. Bhuail Ciarraí agus Baile Átha Cliath le chéile ar an 1 Meán Fómhair. An-chluiche ab ea é agus rinne sé an-difríocht do stádas na peile sa tír seo. Bhí meas na ndaoine ar an bpeil ag dul i léig agus bhí gá le taispeánta­s iontach, chun meas agus grá sa pheil Ghaelach a ardú arís sa tír. Bhí comhrac mór ann, cúilín ar thaobh amháin agus i bpreab na súl, freagartha le cúilín ar an taobh eile den ghort. Is mar sin a bhí sé ar feadh an chluiche. Chríochnai­gh siad ar comhscór le go leor cainte i ndiaidh an chluiche faoin gcic éirice agus faoi Cooper a cuireadh den ghort. Ansin, tharla an athimirt ar an 14 Meán Fómhair sa Cheannchea­thrú. Bhí an áit lán go doras arís agus bhí an dá fhoireann fós chomh cíocrach agus a bhí siad an chéad lá agus cad ina thaobh nach mbeidís? Cheap roinnt mhaith daoine nach mbeadh Ciarraí chomh neirbhísea­ch, ach go mbeadh Baile Átha Cliath níos dírithe ar an tasc a bhí rompu.

Níor cuireadh aon duine den ghort, ní raibh aon chic éirice ann agus rud eile suntasach, ní raibh aon chic saor do Bhaile Átha Cliath ach an oiread.

Bhí caighdeán maith peile fós le feiceáil. Bhí siad ar comhscór ag leath ama. Ach, nuair a fuair Eoin Murchan an cúl sa dara leath, d’athraigh an cluiche go mór i bhfabhar Bhaile Átha Cliath.

D’éirigh leo an churiarrac­ht a bhaint amach – cúig Chraobhcho­mórtas Sinsir de chuid na hÉireann buaite as a chéile. Comhghaird­eas le Jim agus foireann Bhaile Átha Cliath. N’fheadar an mbeidh a leithéid ann arís!

i

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland