Irish Independent - Seachtain

Ná scriostar Sráid stairiúil an Mhúraigh ar mhaithe le lucht raice is lucht airgid

-

Is cuimhin liom dul go Baile Átha Cliath le mo Mháthair agus mé ana-óg, ní rabhas ach 7 nó 8 de bhlianta. Ar an dtraein ó Thrá Lí a bhíomar agus an chéad rud a bhuail mé nuair a thána ón dtraein ná na busanna móra agus bus amháin in airde ar bhus eile. Do leaid óg ón dtuath in 1984 ba rud millteach a bhí ann.

Seo an chéad uair chomh maith a chonaic agus a chuala mé Muintir Shráid an Mhúraigh. Níor chuala a leithéid riamh. Mná ag béicíl amach os ard ‘3 bananas for a pound’ agus mar sin do.

Bhí draíocht ann agus an áit lán le daoine. Ceann dos na rudaí is fearr a thaitin liom fén tsráid seo ná canúint na hardchathr­ach, an fhíorchanú­int atáim ag caint air, ní an chanúint mheán-Atlantach a chloistear anois. Is dóigh liom go mbíodh daoine ag caitheamh anuas ar an bhfíorchan­úint sin agus bhí sé sin mícheart.

Ní théim go Baile Átha Cliath gan dul ann, is breá liom fós é cé go bhfuil sé difriúil anois. Níl a fhios agam an bhfuil an méid céanna daoine ag dul tríd anois? Agus is trua sin!

Gan dabht tá an tsráid seo buailte ar Ard-Oifig an Phoist, mar sin bhí páirt aici in 1916 agus má shiúlann tú timpeall tá a rian siú le feiscint. Áit stairiúil agus áit ghnó, áit go bhfuil pobal ann, cé go bhfuil sé istigh i lár na Cathrach.

Tá an pobal seo fé ionsaí agus tá an t-ionsaí céanna ar bun timpeall na tíre ar fad.

I ngach baile beag agus mór atá sé, agus muna ndéanfaimi­d rud éigin mar gheall air tógfar an tsochaí seo ó thalamh. Táim ag caint ar iompar frithshóis­ialta. Seo téarma go bhfuil taithí againn air ach níl a fhios againn conas déileáil leis.

Tá na trádálaith­e ar Shráid an Mhúraigh ag rá go mbeidh orthu an áit a fhágaint dá bharr seo. Bhíos ag léamh i rith na seachtaine go raibh daoine ag mún in aice leo agus gur chuma sa diabhal leo cé a bhí ag féachaint orthu agus go raibh daoine eile ag ól os comhair gach éinne.

Má scaoileann muid leis seo cá stopfaidh sé?

Dheas leat dul suas go duine agus clabhta a thabhairt dóibh, seo an réiteach a bhíodh ann ach ní féidir é a dhéanamh mar faraor tá an dlí ar a dtaobh siúd chomh maith. Ansin cad is féidir a dhéanamh?

Cheart dúinn seasamh le Muintir Shráid an Mhúraigh agus má dheineann muid é sin beimid ag seasamh suas do bhailte beaga agus móra.

Ní féidir linn scaoileadh leis na Bastairdí seo buachtaint.

Tá iompar frithshóis­ialta i ngach áit fé mar a bhíos ag rá agus má scaoiltear leis beidh thiar orainn!

 ??  ?? Feachtas: Charlie Haughey ar Sráid an Mhúraigh
Feachtas: Charlie Haughey ar Sráid an Mhúraigh
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland