Seo chugainn an Queer-achtas!
Beidh an Queercal Comhrá ar siúl ag Oireachtas na Samhna den chéad uair i mbliana.
Bíonn an Queercal Comhrá ag teacht le chéile go rialta i mBaile Átha Cliath chun spás a thabhairt do chainteoirí Gaeilge ón bpobal Leisbiach, Aiteach, Déghnéasach agus Trasghnéasach, LADT, ach tá an grúpa ag tapú na deise agus an tOireachtas san Ardchathair i mbliana.
Beidh an ócáid ar siúl sa phríomhbheár ag Óstán an City West ag a 8 in Dé Sathairn, 2 Samhain.
“Beidh fáilte ar leith roimh an bpobal LADT páirt a ghlacadh i bpríomhfhéile na nGael,” arsa Aodán Mac an Míle, duine de lucht eagair na hócáide ar leith seo.
Is í an carachtar a chuireann eagla a gcraicinn ar na cailíní - agus James an Sasanach - ó Derry Girls ach tá aisling ag an aisteoir a bhíonn i bpáirt Sister Michael nach bhfuil ar eolas agat.
Is é sin gur mhaith le Siobhán McSweeney páirteanna a dhéanamh i nGaeilge agus tá sí ag súil go mór le ról a fháil i ndráma Gaeilge ar TG4.
Agus í faoi agallamh ag Seachtain, mhínigh Siobhán an ceangal a bhí aici le Gaeltacht Mhúscraí.
Ba as Cúil Aodha a hathair, Traolach, nach maireann, agus chaith sí go leor samhraí ar saoire sa Ghaeltacht agus is minic í ar ais ar cuairt ann ó shin.
“Ba bhreá liom é sin a dhéanamh - is amhlaidh nach bhfuair mé tairiscint go fóill,” arsa Siobhán atá go mór i mbéal a phobail agus í ag ullmhú anois don tríú sraith de Derry Girls, dráma atá suite cois Feabhail le linn bhlianta deiridh na coimhlinte ó thuaidh, lár na 90idí.
“Is breá liom Sister Michael fuasclaíonn sé mé bheith i ról duine nach mothaíonn go bhfuil sí faoi cheangal ag srianta na sochaí. “Ba bhreá liom a bheith chomh muiníneach agus ar nós cuma liom faoin tuairim atá ag daoine eile fúm is atá Sister Michael,” a mhínigh Siobhán atá ag obair mar aisteoir lánaimseartha i Londain Shasana mar a bhíonn sí ar an ardán sa West End agus ar chláir ar nós The Fall agus Porters ar Sky TV.
Beidh Siobhán ag súil nach fada anois go mbeidh ról aislingeach á thairiscint di ag comhlacht léiriúcháin ag obair do TG4.
Idir an dá linn bí ag faire amach di agus a cairde ar Derry Girls, Sraith a Trí! mortal eagla a gcraicinn: fear tairiscint: offer aislingeach: dream
Thugas fé Londain ag an ndeireadh seachtaine mar go raibh Cumann na gCiarraíoch ag bailiú in Óstán an Crown i gCricklewood. Le nach mór 400 duine suite chun dinnéir agus a bhformhór ann ón Ríocht, cheapfá go rabhais i dTrá Lí.
Bhí sé soiléir ón dtús go raibh cleachta le brath agus cóisir le bheith ann, ach bhí taobh dáiríre leis chomh maith. Bhí dhá ghradam le tabhairt amach. Ciarraíoch na Bliana agus Ciarraíoch Óg na Bliana.
Sé Tim O Sullivan a fuair gradam an duine óig. Ógfhear atá anois i gceannas ar chomhlacht a athar agus cúpla céad duine ag obair fé.
Fear fíordheas é agus bhí sé le brath ina ghuth i rith a óráide go raibh anabhród air an gradam seo a fháil.
Micheal ‘Monty’ Mythen a fuair an phríomhdhuais ar an oíche. Fear fíorshuimiúil é Micheal. Bhí baint aige le hAerfort Chiarraí ins na laethanta luaithe, chomh maith le ‘Dingle Gin’ agus is Ollamh le hAinéistéise é ina phríomhphost. Rud ana-shuimiúil mar gheall air ná go dtug sé fé Everest cúpla uair.