Geallann easpag cabhrú le fiosrú ‘fuarcháis’ i mí-úsáid sagart
Chuir daoine a ndearna sagairt mí-úsáid ghnéis orthu fáilte roimh thairiscint ó easpag bualadh le Gardaí chun cabhrú le fiosrú fuarcháis a bhunú.
Dúirt an tEaspag Alan McGuckian go raibh uafás air mar gheall ar líomhaintí a rinneadh i gclár faisnéise ar TG4 an tseachtain seo caite go bhfuil roinnt díobh siúd a rinne mí-úsáid ar dhaoine eile fós beo agus nár tugadh os comhair an dlí iad tar éis fiosrúchán roimhe seo.
Níor ceapadh an t-easpag i ndeoise Ráth Both i gContae Dhún na nGall ach dhá bliain ó shin. Is Íosánach as Contae Aontroma é.
Dúirt sé gur chuir an fiosrúchán teilifíse “tionchar uafásach” na sagart ar a shúile arís, agus dúirt sé go raibh an briseadh iontaoibh sin chomh dona sin go raibh sé “doleigheasta beagnach”.
Dúirt an t-easpag freisin: “Airím go bhfuil go leor de mhuintir na deoise ag fulaingt gan labhairt leis an ualach a bhaineann lenar tharla dóibh féin nó do dhaoine muinteartha leo.”
Thug an deoise sonraí teagmhála don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe.
Ach dúirt an tEaspag McGuckian gur ghlaoigh sé ar na Gardaí díreach i ndiaidh chraoladh an chláir faisnéise.
“Rinneadh líomhaintí maidir le claonpháirteachas agus forcheilt a bhain le baill na Deoise, idir bheo agus mharbh. Beidh mé ag bualadh leo (na Gardaí) agus tairgfidh mé gach comhoibriú is féidir in aon fhiosrúchán chun an fhírinne a nochtadh,” a dúirt sé.
Dhírigh an clár faisnéise ar an sagart Eugene Greene arís a rinne mí-úsáid ar na scórtha íospartach i bparóistí Gaeltachta difriúla i dtuaisceart agus iarthar Dhún na nGall.
Labhair íospartaigh go príobháideach le Seachtain agus dúirt go bhfuil siad ar an eolas faoi 17 sagart a ndearnadh líomhaintí mí-úsáide ina gcoinne.
Chuir Martin Gallagher, a ndearna Greene mí-úsáid air, fáilte roimh ráiteas an Easpaig McGuckian.
Ag labhairt dó inné áfach, dúirt Martin nach mbuailfeadh sé leis an easpag mura mbeadh Garda sinsearach i láthair freisin.
“Caithfidh ceartas do na híospartaigh a bheith i lár an aonaigh agus an chaoi a ndéanfar fiosrú ar gach ar tharla,” a dúirt Martin.
Labhraíomar le híospartach eile, nach dteastaíonn uathu go n-ainmneofar iad, agus a dúirt: “Chuaigh ráiteas an easpaig i bhfeidhm orm toisc gur thuig an t-easpag an fáth nach bhfuil go leor de na híospartaigh ag iarraidh baint ná páirt leis an eaglais arís.
“Tá mise ar dhuine díobh siúd. Ach glacaim leis freisin nach mbeifear in ann an fhírinne ghlan agus iomlán a nochtadh riamh mura bhfuil cúnamh na heaglaise againn agus creidim go bhfuil an t-easpag ag iarraidh cabhrú i ndáiríre.”