BIG MAC, SCEALLÓGA AGUS . . . CEACHT STAIRE, LE DO THOIL
DEA-SHEACHTAIN: AISTEOIRÍ CHILL MHÓIR MHUAIDHE
Bhí mé féin ag freastal ar OÉG ag an am céanna a bhí Martin Sheen ag caitheamh seimeastair ann.
B’fhíornuacht é ar dtús, ach ansin tar éis tamaill chuaigh gach duine i dtaithí air agus ní thabharfá faoi deara go raibh aisteoir ón “liosta A” de chuid Hollywood ag bualadh i d’aghaidh sa halla plódaithe.
Is cosúil nach ndéanann muid ciapadh ar dhaoine cáiliúla in Éirinn (seachas iad a chur faoi dhiancheistiú díograiseach faoina n-oidhreacht Éireannach nó más maith leo Guinness) ach tar éis tamaill tagann muid isteach air agus maireann siad gnáthshaol inár measc.
Tá Jamie Dornan agus Emily Blunt i Maigh Eo le cúpla seachtain anuas ag scannánú Wild Mountain Thyme agus is cosúil go bhfuil siad comhtháite sa phobal.
Tá Emily Blunt ag teacht go fánach ar ghrúpaí drámaíochta i gCill Mhór Mhuaidhe, ag breathnú orthu ag cleachtadh agus fiú ag cur comhairle orthu - murab ionann sin agus deafhógraíocht do tháirgeacht áitiúil, céard é?
Anois, ar aghaidh linn d’fhoirmeacha fógraíochta nach bhfuil chomh dearfach.
DROCHSHEACHTAIN: McDONALD’S
Uaireanta is breá liom nuair a tharlaíonn rudaí thar a bheith tútach mar seo, ní hamháin mar go mbainim taitneamh as gearán a dhéanamh faoi rudaí ach freisin mar gur deis é chun oideachas a chur ar dhaoine faoi stair na hÉireann.
Ag druidim le hOíche Shamhna chruthaigh cúpla bialann mhearbhia McDonald’s sa Phortaingéil feachtas margaíochta dá gcuid féin chun
a dtairiscint uachtar reoite Sundae a fhógairt. “Sundae, Bloody Sundae” clóite ar an ábhar uile a bhí ann le huachtar reoite ag taispeáint guairne dearg fola.
Ní chreidim i gCultúr Uafáis ar chor ar bith ach caithfidh tú a smaoineamh, an mbeadh an dúil nó misneach ag aon roinn mhargaíochta triail a bhaint as “Burgar 9/11” nó “Burgar sicín fhliú na n-éan”?
Ghabh urlabhraí leithscéal agus dúirt sí gur baineadh an mhargaíocht ar fad ó na siopaí ar an bpointe.