Léargas tríd an lionsa ar shaol atá imithe uainn
Tá léargas ar leith á thabhairt i mbailiúchán de ghrianghraif a glacadh i mblianta luatha an Stáit, bailiúchán a seoladh go poiblí le linn an Oireachtais.
Grianghrafadóir ó Bhaile Átha Cliath ab ea Tomás Ó Muircheartaigh agus ghlac sé na céadta griangraf de radhairc thírdhreacha agus portráidí daoine agus pobail sna Gaeltachtaí éagsúla, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Tá os cionn 800 íomhá sa bhailiúchán nua digitithe a seoladh ag an Oireachtas agus atá ar fáil anois ar an suíomh gréasáin dúchas.ie.
Feictear pobail ag obair agus ag glacadh sosa, teaghlaigh ag suí cois tine agus amuigh faoin aer, radhairc de thírdhreacha tuaithe agus cathrach agus go leor leor eile sa bhailiúchán.
Díríonn an bailiúchán ar na pictiúir a glacadh idir 1930 agus 1960. Suíomh gréasáin é dúchas.ie atá ina chomhfhiontar idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus an Leabharlann Dhigiteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Fiontar agus Scoil na Gaeilge ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Faigheann siad maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.