Gael-Árais nua sa Tuaisceart
Níl an leamhsháinn leanúnach maidir leis an bhFeidhmeannas a bheith ar fionraí ag cur bac ar phobail Ghaeilge an Tuaiscirt brú ar aghaidh.
Tá Gael-Áras nua le hoscailt go luath ar Bhóthar na bhFál. Foirgneamh é seo atá á thogáil ag Forbairt Feirste i gcomhpháirt le hIontaobhas na Gaelscolaíochta agus tá sé láimh leis an gCultúrlann.
Agus in Ard Mhacha ní fada go mbeidh Cultúrlann á hoscailt ag Gaeil na cathrach sin.