Irish Independent - Seachtain

‘Amhrán na bhFiann’ le Peadar Ó Cearnaigh

-

(Scoileanna T1 agus T2: An Chéad Bhliain)

Is amhrán náisiúnta na hÉireann é ‘Amhrán na bhFiann’, amhrán atá an-cháiliúil ar fad. Cár chuala tú é á chanadh? B’fhéidir go bhfuil an fonn ar eolas agat, ach an bhfuil na focail de ghlanmheab­hair agat?

Is iomaí leagan den amhrán seo atá le feiceáil ar Youtube. Éist leis an leagan is ansa leat féin agus féach ar na focail.

Ansin, can é.

‘Amhrán na bhFiann’ le Peadar Ó Cearnaigh

Curfá:

Sinne Fianna Fáil, ata faoi gheall ag Éirinn,

Buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn,

Faoi mhóid bheith saor

Seantír ár sinsear feasta, ní fhágfar faoin tiorán ná faoin tráill. Anocht a théam sa bhearna bhaoil,

Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil.

Le gunna-scréach, faoi lámhach na bpiléar

Seo libh canaíg’ amhrán na bhFiann.

Cúlra an amhráin

Is é amhrán náisiúnta na tíre é ‘Amhrán na bhFiann’. Ba é Pádraig Ó hÉanaí a chum an ceol. Ba é an Cearnach a scríobh na liricí Béarla idir 1909 agus 1910. Tá trí véarsa san amhrán ach ní chloistear ach an curfá ag na hócáidí móra náisiúnta. Chan na saighdiúir­í a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 an t-amhrán go minic in Ardoifig an Phoist le linn Sheachtain na Cásca. D’aistrigh Liam Ó Rinn an t-amhrán go Gaeilge sa bhliain 1923. Glacadh leis mar amhrán náisiúnta na tíre sna 1920idí.

Gníomhaíoc­ht

Fiosraigh na nathanna seo a leanas as an amhrán, agus cuir do chuid Gaeilge féin orthu.

Faoi gheall

Buíon

Ráinig

Feasta

Tíorán

Gean

Scréach

Lámhach

Piléar

Príomhphoi­ntí an amhráin

Príomhphoi­ntí an amhráin

• Is amhrán spreagúil é seo faoi shaighdiúi­rí, nó óglaigh, atá sásta troid a dhéanamh ar son a dtíre.

• Tá tírghrá le feiceáil go soiléir.

• Tosaíonn an t-amhrán le comparáid idir na saighdiúir­í agus ‘Fianna Fáil’. Ba shaighdiúi­rí iad na Fianna a chosain Éire ó ionróirí.

• Tá móid glactha ag na saighdiúir­í bás a fháil ar son na hÉireann, má bhíonn gá leis.

• Tá ‘buíon dár slua’, nó grúpa de na saighdiúir­í tar éis teacht, chun cabhrú le muintir na hÉireann, ina gcuid iarrachtaí an tír a shaoradh.

• Tá na saighdiúir­í seo tiomanta don tsaoirse, nó do bheith ‘saor’.

• Ní theastaíon­n uatha go mbeadh aon dream eile i gceannas orthu.

• Tá na saighdiúir­í á n-ullmhú féin chun catha. Tá siad réidh anois le dul isteach ‘sa bhearna baoil’ agus bás a fháil ar son na tíre.

• Cloiseann siad scréach na ngunnaí agus ‘lámhach na bpiléar’ agus leanann siad orthu ag canadh an amhráin agus iad ag troid i gcoinne an namhad.

Ceisteanna T2

1. Cé atá ag canadh an amhráin seo?

2. Conas a mhothaíonn na daoine seo faoi na Sasanaigh?

3. An maith leat an t-amhrán seo? Cén fáth?

Ceisteanna T1

1. Cén saghas atmaisféir a chruthaíon­n Peadar Ó Cearnaigh san amhrán seo?

2. Cén saghas daoine iad na saighdiúir­í seo, dar leat?

3. Cén fáth ar roghnaigh daoine an t-amhrán seo mar amhrán náisiúnta na tíre, an dóigh leat?

4. Cén chaoi a mothaíonn tú agus an t-amhrán seo á chanadh agat?

Gníomhaíoc­ht

Tarraing trí íomhá ón amhrán i do chóipleabh­ar, agus scríobh an líne a spreag iad in aice leo.

Féach ar an sampla seo d’obair chruthaith­each, chun tuairim a fháil den saghas ruda a d’fhéadfá féin a chumadh do do phunann féin! Cuntas dialainne Mhíchíl Uí Choileáin, le linn Éirí Amach 1916, atá ann.

Seachtain na Cásca 1916

A Dhialann Dhil,

Táim anseo in Ardoifig an Phoist. Táimid ag troid anois le trí lá. Tá an foirgneamh ag titim as a chéile diaidh ar ndiaidh. Bhí ag éirí go maith linn ag tús na seachtaine, ach ceapaim anois go bhfuil na Briotanaig­h ag éirí níos laidre. Canaimid ‘Amhrán na bhFiann’ uaireanta i rith an lae chun ardú meanman a thabhairt dúinn féin. Smaoiním ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar na Fianna nuair a chanaim an t-amhrán sin. Tugann sé misneach dom, mar uaireanta tagann eagla orm agus éirím tuirseach de bheith ag troid an t-am go léir.

Is é Pádraig Mac Piarais ár gceannaire agus tá an-mheas againn ar fad air. Tá súil againn go bhfaighimi­d cabhair éigin go luath. Teastaíonn sé go géar anois. Is beag codladh a fhaighimid agus tá an bia agus an t-uisce ag éirí gann. Cabhraíonn roinnt ban ó Chumann na mBan linn, le bia agus cóir leighis, ach ní leor é ag an bpointe seo. N’fheadar cad a tharlóidh má chaillimid an cath seo, ach nílim ag cuimhneamh air. Leanfaidh mé orm ag troid. Níl aon ní eile is féidir a dhéanamh!

Mícheál.

Gníomhaíoc­htaí Cruthaithe­acha (TF 1.26, 1.27, 1.30, 1.32)

• Lig ort gur tusa Peadar Ó Cearnaigh. Scríobh alt iriseoirea­chta do Tuairisc.ie faoin rud a spreag tú chun an t-amhrán a scríobh.

• Can an t-amhrán seo agus déan é a thaifeadad­h don phunann.

• Scríobh ríomhphost chuig cara leat ag moladh dó/ di an t-amhrán seo a chanadh ag an gcéad ócáid scoile eile.

• Scríobh cuntas dialann imreora tar éis dó/di cluiche mór peile/iománaíoch­ta/camógaíoch­ta a imirt agus ‘Amhrán na bhFiann’ a chanadh os comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland