Irish Independent - Seachtain

Fliuch agus níos fliche!

Ní ‘bus scoile’ atá againn inniu ach ‘bád scoile’!

-

Is é uisce an leacht is coitianta ar Domhan. An raibh a fhios agat go gclúdaíonn uisce 70% de dhromchla an Domhain? Bíonn uisce i ngach áit – go mór mór in Éirinn. Bíonn sé ag stealladh anuas orainn. In áiteanna ar nós gaineamhla­ch an tSahára san Afraic, ní bhíonn mórán uisce acu ar chor ar bith; in áiteanna eile bíonn an iomarca uisce acu. Cloisimid go minic ar an nuacht faoi thuilte agus faoi thriomaigh. In áiteanna eile ar Domhan, bíonn uisce ag pléascadh amach as an talamh! Tá géasar cáiliúil i bPáirc Náisiúnta Yellowston­e, in iarthar Mheiriceá. Old Faithful an t-ainm atá ar an ngéasar seo. Is sórt fuaráin the é géasar a chuireann scairdeán d’uisce te suas san aer. Tá carraig the go domhain faoin talamh agus téann sí an t-uisce.

Magma an t-ainm atá ar an gcarraig the seo. Cuireann Old Faithful scairdeán uisce (atá thart ar 45m ar airde) suas san aer gach 70 nóiméad. Ní féidir maireachtá­il gan uisce. Ólaimid é agus úsáidimid é ar bhealaí eile. Conas a d’éireodh leat mura mbeadh uisce agat ar feadh lae? Úsáidimid uisce go han-mhinic i rith an lae. Ní fhéadfaimi­s níochán ná cócaireach­t a dhéanamh gan é. Bheadh tart orainn gan é. Ní hamháin sa teach a úsáidimid uisce – bainimid úsáid as taobh amuigh den teach freisin. Cá háit eile a n-úsáidimid é? (Leid: cad faoi chúrsaí spóirt?) San eagrán seo d’Eureka, foghlaimeo­idh tú fíricí nua faoi uisce agus faoi leachtanna eile.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland