Irish Independent - Seachtain

Brú Uisce

-

Más snámhaí maith tú, b’fhéidir gur thriail tú lámh a chur ar bhun na linne snámha. Ar mhothaigh tú an t-uisce ag brú ar do chluasa? Tarlaíonn sé seo mar tá brú ag uisce. Bíonn sé ag brú ar thiompáin do chluas. Má thumann tú níos doimhne arís, méadaíonn an brú. Thug eolaithe faoi deara go ndúnann rónta a bpolláirí agus poill a gcluas nuair a thumann siad go domhain!

BUNÁBHAIR:

• Buidéal mór plaisteach folamh

• Uisce

• Marla nó téip ghreamaith­each

• Doirteal

• Rud éigin lenar féidir leat poll a dhéanamh

TREORACHA:

1. Iarr ar do mhúinteoir 3 pholl a dhéanamh i dtaobh an bhuidéil. Feicfidh tú sa léaráid cá háit le hiad a chur. Tá sé tábhachtac­h go mbeidh siad ar fad ar an méid chéanna. Cén fáth?

2. Tabhair an buidéal chuig an doirteal. Greamaigh marla nó píosa téipe go dlúth thar gach poll.

3. Iarr ar chara an buidéal a líonadh le huisce. Ná cuir an claibín ar ais ar an mbuidéal.

4. Bain an marla / an téip den bhuidéal. Féach ar an mbealach a bpléascann an t-uisce amach trí na poill.

5. Mothaigh brú an uisce ar do lámh nuair a phléascann sé amach as gach poll. Brú uisce an t-ainm atá ar an mbrú nó ar an gcumhacht seo.

6. Cé acu scaird (jet) uisce an ceann is láidre?

PLÉIGH:

Cén fáth a bhfuil scaird amháin níos láidre ná na cinn eile?

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland