Irish Independent - Seachtain

BUAICPHOIN­TE NA SEACHTAINE

-

Níl Éire aontaithe go polaitiúil go fóill ach bhí sí aontaithe sa spórt gan amhras ag an deireadh seachtaine nuair a bhuaigh foireann haca na mban áit ag Cluichí Oilimpeach­a na bliana seo chugainn.

Bhí dhá chluiche le himirt in éadan Cheanada ag an bhfoireann a bhuaigh an bonn airgid i gCraobh Haca an Domhain anuraidh agus chríochnai­gh an dá chluiche ar comhscór 0-0 os comhair lucht féachana de 6,000.

Ansan chuaigh sé go strócanna pionóis agus gan mhoill bhí Ceanada 3-1 chun tosaigh agus an chuma ar an scéal go raibh deireadh le haisling mhná na hÉireann.

Ach d’éirigh le Ayeisha McFerran

(ar dheis), cúl báire na hÉireann, dhá shábháil iontacha a dhéanamh agus bhí an cluiche cothrom tar éis gur aimsigh Beth Barr agus Chloe Watson cúil.

Ghéaraigh an dráma agus bhí an cluiche chomh fada le babhta an bháis thobainn.

Fuair Roisín Upton cúl ó huillinn an-ghéar agus theip ar imreoir Cheanada ina hiarracht.

Is cinnte go gcúiteoidh an chéim chun tosaigh seo an chailliúin­t chonspóide­ach in éadan Cheanada an deireadh seachtaine roimhe sin.

Anois tá na mná ag dul go Tóiceo agus an ghaoth ina seolta agus ní fios cad is féidir leis na himreoirí seo a bhaint amach.

 ?? PIC: BRENDAN MORAN / SPORTSFILE ??
PIC: BRENDAN MORAN / SPORTSFILE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland