Irish Independent - Seachtain

Troid nua á lorg ag Katie Taylor, ‘Muhammad Ali’ dhornálaío­cht na mban

-

Is í Katie Taylor an curadh domhanda i ndornálaío­cht na mban ag dhá mheáchan éagsúla tar éis a bua sciliúil in éadan throdaí na Gréige, Christina Linardatou, i Manchain.

Éacht spóirt é seo a deineadh roimhe sa dornálaíoc­ht ach níor tharla sé ach go hannamh. Beirt Éireannach ar éirigh leo seo a dhéanamh – Steve Collins agus Carl Frampton.

Níor éirigh le haon trodaí mná é a bhaint amach go dtí gur éirigh leis an trodaí ó Bhré Chulainn.

Rud níos mó ná sin atá déanta ag Katie don spórt seo ná go bhfuil sé ardaithe aici i súile an phobail sa tslí chéanna, d’fhéadfá a rá, agus a d’ardaigh Muhammad Ali/Cassius Clay an dornálaíoc­ht sna 60idí agus sna 70idí.

Dar le go leor a bhí ag faire ar an mbabhta i Manchain, bhí an taispeánta­s a thug Katie chomh sciliúil is chomh hoilte sin go raibh sí ina máistir gan cheist ar an dtroid.

Anois tá sí ag lorg trodaí eile chun páirt a ghlacadh i mbabhta mór ar Lá Idirnáisiú­nta na mBan sna Stáit Aontaithe in 2020.

Cé a thabharfai­dh a dúshlán?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland