Evanne sa tóir ar fhreagraí faoin uchtú ar TG4
Aghaidh dhaonna a thabhairt don uchtú in Éirinn an sprioc atá le scannán nua ina bhfuil an craoltóir spóirt Evanne Ní Chuilinn ag dul sa tóir ar fhreagraí faoina huchtú féin go luath sna 1980idí.
Uchtaíodh Evanne ó cheann de na hárais mhíchlúiteacha máthar agus linbh agus sa scannán seo beidh sí ar thuras pearsanta ag iarraidh eolas a aimsiú chun bearnaí ina saol féin a líonadh.
Anuas air sin beidh an craoltóir spóirt aitheanta le RTÉ ag labhairt le páistí eile a uchtaíodh agus le tuismitheoirí a thug a bpáistí le go n-uchtófaí iad mar aon le saineolaithe san obair ar leith seo.
Tá coimhlint go fóill idir cearta páiste uchtaithe teacht ar eolas faoina thuismitheoirí agus a gcearta siúd ar phríobháideachas, coimhlint a chíorfar ag 9.30 anocht (Dé Céadaoin) ar TG4.