DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: MIC AGUS INÍONACHA LÉINN
Ó rinneadh iad a íosghrádú go earraí “riachtanacha” in ionad earraí ó thaobh cánach de, chonaiceamar athrú ollmhór ar dhearcthaí maidir le conas a thagann coiscíní isteach inár saol agus an ról atá acu ann.
I seachtain ina bhfaca muid seantaifeadtaí de Gay Byrne ag plé leis an gceist scannalach a bhain le coiscíní agus Annie Murphy (iarleannán an Easpaig Uí Chathasaigh), chonaic muid freisin Simon Harris ag seoladh tionscnamh sláinte nua chun saor in aisce a thabhairt do gach mac léinn sa tír.
Is iontach an smaoineamh é iad a chur ar fáil saor in aisce ó thaobh sláinte agus frithghiniúna de, fiú más rud é go n-úsáidfear líon áirithe díobh mar bhalúin uisce, diúracáin agus le haghaidh eachtraí seafóideacha leis na #Leaids.
DROCHSHEACHTAIN: LEO
Deirtear nár chóir duit bualadh le do laochra riamh, ar fhaitíos go mbeadh díomá ort.
An bhfuil litir phoiblí ó cheann de do laochra a dhíríonn go sonrach agus go diúltach ort níos measa?D’fhéadfaí fiafraí dár dTaoiseach faoi.
Roinn an domhanda Cher cóip de litir ar a Instagram an tseachtain seo caite, litir a scríobh sí chuig rialtas na hÉireann ag tús mhí Dheireadh Fómhair faoi scoilteadh hiodrálach (fraiceáil) agus atá dírithe go sonrach ar Leo. Thaispeáin sí an litir (atá sínithe ag go leor daoine cáiliúla) ina n-iarrann sí ar Varadkar stop a chur leis na pleananna don láithreán fracála atá beartaithe i gContae an Chláir dá 1.2 milliún leantóir.
Leo bocht, an chéad rud eile beidh Kylie Minogue ag seoladh litreacha aige faoi réiteach ar easpa dídine in Éirinn.