Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
Tá ábhar agam duit: a choinneoidh ag imeacht don tseachtain ar fad thú! Ar dtús, féachfaidh mé ar an amhrán traidisiúnta cáiliúil ‘An Mhaighdean Mhara’, atá ar an gcúrsa do dhaltaí i scoileanna T1 agus T2. Tá léamhthuiscint spéisiúil ag dul leis faoi stair na hamhránaíochta in Éirinn. Ansin, beidh roinnt oibre agam do lucht na hArdteiste ar na scannail ar fad atá tar éis titim amach le cúpla bliain anuas sa Gharda Síochána. Is ábhar tráthúil agus tábhachtach é seo a d’fhéadfadh teacht suas ar pháipéar scrúdaithe.
An tseachtain seo chugainn: Cluastuiscint agus léamhthuiscint.
Lean ort ag obair leat!
Shane