Seachtain na hEolaíochta
Tá Seachtain na hEolaíochta ar siúl an tseachtain seo. Cuireadh tús leis ar an Domhnach, an 10 Samhain. Tá an-bhéim ar ETIM (STEM) agus tugtar deiseanna níos mó ná riamh do pháistí triail a bhaint as turgnaimh a dhéanamh ar scoil.
Féachaimid ar chuid de na fionnachtana eolaíochta is mó a chabhraigh linn chun tuiscint níos doimhne a fháil ar an saol mór timpeall orainn.