Isaac Newton
Sasanach ab ea Isaac Newton.
Is é an t-eolaí is mó cáil é ar fud na cruinne.
Matamaiticeoir agus fisiceoir ab ea é agus nuair a chuimhnímid air tagann an pictiúr d’úll ag titim de chrann anuas ar a cheann isteach inár n-intinn.
Ba é Newton a d’oibrigh amach na dlíthe a bhaineann le domhantarraingt. Cad is brí le domhantarraingt? Is fórsa nádúrtha é domhantarraingt a tharraingíonn ábhar chun na talún. Deirtear gur bhuail an smaoineamh é nuair a thit an t-úll anuas ar a cheann ach seans maith gur miotas é sin.