Louis Pasteur
Ba as an Fhrainc do Louis Pasteur. Ceimiceoir agus eolaí ab ea é. Tá clú agus cáil air mar gheall ar na trialacha a rinne sé ar bhaictéir.
Bhí a lán galar agus breoiteachta ag an am sin in 1863. Rinne Pasteur turgnaimh agus fuair sé amach go raibh baint ag miocrorgánaigh le galair. Nuair a bhí an t-eolas seo aimsithe aige b’éigean dó réiteach na faidhbe a oibriú amach.
Fuair sé amach gur féidir na miocrorgánaigh nó an baictéir a mharú le teas agus le dífhabhtán. De bharr a chuid fionnachtana tháinig laghdú ar scaipeadh na ngalar. Rinne daoine iarracht níos fearr chun rudaí a choimeád glan, go háirithe sna hospidéil. Feiceann tú an focal pasteurised ar an mbainne a cheannaíonn tú sa siopa. Téitear an bainne chun na miocrorgánaigh a mharú cosúil le Louis Pasteur in 1863!