Wilhelm Roentgen
An bhfuair tú x-gha riamh? Ar bhris tú cnámh in am ar bith? Bhuel, más ea, ba cheart duit buíochas a ghabháil le Wilhelm Roentgen. Fisiceoir ab ea é a d’fhionn x-ghathanna in 1895.
Rinne sé staidéar ar x-ghathanna.
De bharr a chuid fionnachtana tá sé furasta cnámh bhriste a fheiceáil.
An féidir leat cuimhneamh ar áiteanna eile ina n-úsáidtear x-ghathanna?
Úsáidtear iad ag aerfoirt chun rudaí i mbagáiste daoine a aithint.
Bhraith daoine go raibh an fhionnachtain seo chomh tábhachtach sin gur bronnadh an chéad Duais Nobel Fisice riamh ar Wilhelm Roentgen in 1901.