Michael Faraday
An dtaitníonn sé leat nuair a imíonn an leictreachas sa bhaile? Bíonn sé go deas suí sa dorchadas agus cúpla coinneal a lasadh. Ach, tar éis tamaill, ba mhaith leat an teilifís a chur ar siúl, nó dinnéar a ullmhú san oigheann leictreach nó citeal a bheiriú chun cupán tae a dhéanamh.
Níl uirlis i gcuid mhór na dtithe anois chun na jabanna sin a dhéanamh gan leictreachas.
Ach, cé a d’fhionn leictreachas ar dtús?
Ba é an Sasanach, Michael Faraday a d’fhionn leictreachas in 1821. Ní bhfuair sé mórán oideachais sa chóras oideachais i Sasana ag an am sin ach, d’ainneoin é sin, cheap sé an chéad mhótar leictreach trí úsáid a bhaint as sreanga agus as réimsí maighnéadacha. Ba é a rinne an chéad ghineadóir freisin.
Is de bharr a chuid oibre go bhfuil earraí leictreacha ar domhan. Thosaigh an Bord Sólathair Leictreachais ag soláthar leictreachais sa tír seo in 1946.