Stair na hamhránaíochta in Éirinn (ar lean)
Tagann na hamhráin is sine atá againn go fóill, ón bhfilíocht a cumadh sna bardscoileanna. Léigh tú faoi na bardscoileanna i rannóg na filíochta. Ba mhinic a d’aithris filí a gcuid dánta le ceol cláirsí agus d’fhás an nós sin ina amhránaíocht go nádúrtha. Nuair a tháinig na Sasanaigh i réim sa tír ag tús an 17ú haois tháinig deireadh leis na bardscoileanna agus le stádasnabhfilí.Nuaira theith na Taoisigh, agus a dteaghlaigh, ní raibh áit ar bith ag na filí chun a gceird a chleachtadh a thuilleadh. Ba mhinic a scríobh siad amhráin faoin tragóid sin. Tháinig na hamhráin Ghaeilge anuas ó ghlúin go glúin ó bhéal - gan aon fhocal a bhreacadh síos. Is mór an t-éacht é sin, nuair a chuimhníonn tú go mbíonn os cionn fiche véarsa in amhráin áirithe! Is dá bharr seo a tharlaíonn go bhfuil leaganacha éagsúla de na hamhráin ar fáil sa lá atá inniu ann. Thuig daoine cosúil le Edward Bunting agus George Petrie go raibh an traidisiún sin i mbaol i lár an 18ú haois agus bhailigh siad na hamhráin ó na daoine. Scríobh siad síos iad agus shábháil siad na céadta amhrán ar an gcaoi sin.
Tá traidisiún na hamhránaíochta Gaeilge fós an-láidir in Éirinn agus is féidir an traidisiún sin a fheiceáil go beo beathach ag comórtais náisiúnta, cosúil le Comórtas Chorn Uí Riada, a bhíonn ar siúl gach bliain ag Oireachtas na Gaeilge. Bíonn scoth na n-amhránaithe le cloisteáil in iomaíocht le chéile ag an gcomórtas sin, agus bíonn an-stádas ag baint le buaiteoir an chomórtais.