Irish Independent - Seachtain

Cáintear coláiste Cassidy i dtuairisc

-

“Bhí cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sásúil ar an iomlán; spreagadh na scoláirí chun Gaeilge a úsáid ach níor tugadh dóthain deiseanna cumarsáide dóibh an spriocthea­nga a chleachtad­h.”

Dúirt an Cigire nach raibh pleanáil chuí ar fáil i rith na meastóirea­chta agus nach raibh aon fhianaise ann go ndearnadh dul chun ar mholtaí na cigireacht­a deiridh in 2016.

Dúirt an Cigire go raibh atmaisféar taitneamha­ch ar an gcúrsa agus go raibh caidreamh maith idir an fhoireann agus na scoláirí agus gur mhol na scoláirí an coláiste i rith grúpa fócais a eagraíodh le linn na meastóirea­chta.

BOTÚIN

Thug coiste stiúrtha an choláiste samhraidh i nDún na nGall freagra ar an gcigireach­t – atá ar fáil sa tuairisc – agus dúirt go gcuirfeadh an coláiste a bhotúin ar fad ina gceart le haghaidh chúrsaí 2020.

Gealladh go n-ainmneofaí na foirne idirchaidr­imh, go bhfreastal­ódh an fhoireann ar chúrsa inseirbhís­e cúig seachtaine roimh thús gach cúrsa agus go dtabharfaí fillteán ina bhfuil polasaithe an choláiste do gach comhalta foirne.

Dúirt an coláiste freisin gur chuir sé isteach ar mhaoiniú le hÚdarás na Gaeltachta chun áitreabh nua a fháil le haghaidh 2020, i ndiaidh gur cáineadh an easpa acmhainní agus úsáid TF i rith na gceachtann­a in 2016 agus in 2019. Úsáidfidh an coláiste an t-ainm Coláiste Ghaoth Dobhair in 2020.

Níor freagraíod­h na hiarrachta­í a rinneadh dul i dteagmháil le príomhoide an chúrsa Kevin Cassidy ar an bhfón ná ar théacs roimh dhul chun foilsithe.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland