Maslaí agus bagartaí ciníocha tugtha do láithreoir RTÉ
Tá láithreoir de chuid RTÉ tar éis labhairt faoi na maslaí ciníocha a tugadh di ar líne le linn di a bheith ag obair leis an gcraoltóir náisiúnta.
Bhí Zainab Boladale ina láithreoir ar an gclár nuachta News2Day atá dírithe ar an aos óg idir 2017 agus 2019. Tá Zainab, a saolaíodh sa Nigéir ach atá ina cónaí in Éirinn ó bhí sí ina cailín beag, ag obair anois ar Nationwide.
Agus í ag cur News2Day i láthair, fuair Zainab, a bhfuil Gaeilge líofa aici, idir mhaslaí agus bhagairtí agus dúirt sí gur chuir an drochíde a fuair sí isteach ar a meabhairshláinte.
Dúirt sí gur bagraíodh uirthi imeacht as ‘críocha Ceilteacha’ agus gur tugadh ‘moncaí’ uirthi. Chomh maith leis sin dúradh ar fhíseán YouTube eile go bhféadfadh sí a mhaíomh gur Éireannach ab ea í dá mba mhaith léi ach gur Nigéarach í i gcónaí.
Mar gheall ar na gearáin a rinneadh faoin gcuntas YouTube sin, cuireadh ar ceal é.
Dúirt Eagarthóir Stiúrtha Nuacht RTÉ Jon Williams go raibh sé náireach agus déistineach go mbeadh ar dhuine ar bith cur suas lena leithéid de dhroch-íde. Dúirt Zainab go raibh sí dubh dóite faoin scéal.