DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: IAD SIÚD A MBÍONN DÚIL ACU SA TSEACLÁID
“Ha. Níl siad leath chomh sláintiúil liomsa,” a deirim liom féin agus mé ag faire ar mo chomhghleacaí ag ithe píosa amháin seacláide ina bhfuil timpeall 80 calra.
“Tá sé go léir bunaithe ar chomhdhéanamh na gcothaitheach,” a gheallaim dom féin agus mé ag baint an clúdach den tríú barra próitéine “Cookies‘N’Cream” an lá sin.
Bhuel, de réir taighde nua tá sé in am dom plaic a bhaint as an saol mar atá.
Léirigh Safefood gurb é SEACLÁID an príomh-chomhábhar i 38% de na barraí próitéine atá ar fáil ar an margadh agus go bhfuil an méid céanna siúcra, saill sháithithe agus seacláide in go leor de na barraí próitéine agus atá i ngnáthbharra seacláide.
Mar sin an t-am seo ar fad ní bhfuair mé blas ar bith ach na calraí go léir. Ar a laghad fuair mé an mothú féintábhachta is dócha.
An chéad uair eile a bheidh an dúil seo ort, bíodh an barra seacláide agat.