FOCLÓIRÍN
DROCHSHEACHTAIN: AN BERNARD SHAW
Ní fhaca mé ariamh a leithéid de thuairisciú sna meáin chumarsáide ar dhúnadh agus oscailt teach tábhairne, ach is anseo atáimid. De réir na n-alt tuairimíochta faoi dhúnadh truamhéalach an tí tábhairne ar an dtaobh ó dheas de Bhaile Átha Cliath go dtí an drogall maidir le méim ghrianghraif samhnasach a postáladh faoi thuaisceart na cathrach, cúpla seachtain sách gnóthach a bhí ann don Bernard Shaw. Roinn an teach tábhairne íomhá Dé hAoine seo caite a bhí scartha ina dhá chuid.
Ar an mbarr bhí grúpa fear ag caitheamh mascanna agus culaith reatha, agus bhí íomhá de ‘hipsters’ cóirithe go snasta ag an mbun a léirigh daoine ón taobh thuaidh tar éis oscailt an Bernard Shaw. Scoilt sé pobal Twitter na hÉireann ina dhá leath, iad siúd a raibh an-dúil acu sa Bernard Shaw, agus iad siúd a raibh níos lú measa acu ar an Bernard Shaw ná mar a bhí acu ar thuaisceart na cathrach ná an pobal áitiúil. Mar is gnáth ní raibh aon bhuaiteoir ann, d’eisigh siad an gnáth-leithscéal is scrios siad an phostáil. comhghleacaí: colleague chomhábhar: ingredient samhnasach: disgusting