Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
Is eagrán an-spreagúil é eagrán na seachtaine seo! I dtosach, beidh mé ag féachaint ar roinnt cluastuiscintí ar TG4 Foghlaim do lucht na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2. Cabhraíonn cleachtadh ar na cluastuiscintí go mór le do chumas labhartha agus scríofa, agus is fiú iad a dhéanamh go rialta. Tá léamhthuiscint agam freisin ar Michelle Obama. Ar ndóigh, tá ábhar spéisiúil agam do lucht na hArdteiste, ar an scéal béaloidis ‘Oisín i dTír na nÓg’ nach raibh ar pháipéar scrúdaithe le cúpla bliain anuas.
An tseachtain seo chugainn: ‘Focalghníomh’ le Ré Ó Laighléis
Guím gach rath ar obair na seachtaine seo!
Shane