Gasúirín Beag as Béal Feirste
Téigh go suíomh idirlín TG4 Foghlaim agus féach ar an mír ‘Gasúirín Beag as Béal Feirste’ sa rannóg ‘Míreanna Nuachta’. Seinn, agus éist leis an bhfíseán uair amháin. Ansin, seinn arís é agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt. Más gá, seinn an tríú huair é.
1. Cad is ainm don ghasúirín beag?
2. Cé a shínigh an clár deonú orgán?
3. Cén aois é an gasúirín?
4. Cad atá de dhíth air?
5. Cad is ainm don ghaelscoil is mó sa tír?
6. Cé mhéad lá atá an gasúirín ag fanacht ar chroí?
Suas le 150 Tarracóir i mbun Camchuairte
Anois, féach ar an mír ‘Suas le 150 Tarracóir i mbun Camchuairte’ sa rannóg chéanna. Éist leis an bhfíseán uair amháin. Ansin, seinn arís é agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt. Más gá, seinn an tríú huair é.
1. Cathain a bhí bailiúchán na dtarracóirí ar siúl?
2. Cén t-órgán nua a fuair John O’Sullivan?
3. Cad é Gairdín Mhuire?
4. Cé mhéad airgid a bailíodh do na carthanachtaí?
5. Cén rud nach bhfaigheann na carthanachtaí ón rialtas?
6. Cé chomh fada is a thóg sé ar na tarracóirí an bóthar a thaisteal?