Michelle Obama: Bean spreagúil, spórtúil agus shuimiúil
Rugadh Michelle Robinson ar an 17 Eanáir 1964 in Chicago sna Stáit Aontaithe. D’fhás sí aníos lena deartháir mór Craig, agus a dtuismitheoirí, Marian agus Fraser. Ba bhean an tí í Marian a d’fhan sa bhaile le haire a thabhairt dá páistí, agus d’oibrigh Fraser i stáisiún uisce na cathrach. Bhí scléaróis iolrach ar a hathair, rud a ghoil go mór uirthi agus í ag fás aníos. D’oibrigh sí go dian ar scoil chun go mbeadh a tuismitheoirí sásta, agus d’éirigh thar barr léi ar an mbunscoil agus ar an iar-bhunscoil. D’fhreastail sí ar Ollscoil Princeton agus bhain sí bunchéim amach sa tsocheolaíocht agus sa Léann Afrai-Mheiriceánach. D’imigh sí ar aghaidh ansin go Scoil Dlí Harvard chun iarchéim a bhaint amach sa dlí. Nuair a bhí sí ag obair sa chuideachta dlí Sidley & Austin, bhuail sí le Barack Obama agus thosaigh siad ag siúl amach le chéile. Phós siad sa bhliain 1992 agus bhí beirt iníonacha acu, Malia a rugadh sa bhliain 1998, agus Sasha a rugadh sa bhliain 2001.
Ní raibh Michelle róshásta ar dtús, nuair a bheartaigh Barack dul isteach sa pholaitíocht. Bhí sí buartha go mbeadh an iomarca brú air agus nach mbeadh go leor ama aige dá theaghlach. B’iomaí argóint a bhí acu ina thaobh sin, ach thacaigh sí leis agus chuaigh sé ó neart go neart. Ba sheanadóir é don stát Illinois ar dtús, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin (2008) gur chuir sé é féin chun cinn sa toghchán Uachtaránacha. Chuaigh Michelle amach lena fear céile ag feachtasaíocht ar fud na tíre agus chuaigh siad i bhfeidhm go mór ar an bpobal.
Toghadh Barack Obama ina chéad uachtarán gorm i Mí na
Samhna 2008. Bhí an-rath ar Michelle mar Bhean an Uachtaráin. Chuir drochshláinte phobal Mheiriceá isteach go mór uirthi agus bhunaigh sí feachtas chun aird an phobail a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le bia sláintiúil a ithe agus spórt a imirt. Is bean an-spórtúil í Michelle féin agus tá a teaghlach ar fad an-spórtúil. Ba dhea-shampla í don phobal agus rinne sí iarracht i gcónaí daoine a spreagadh chun imeartha.
Nuair a tháinig deireadh le dara téarma Uachtaránacht Obama sa bhliain 2016, cheap daoine go mb’fhéidir go gcuirfeadh Michelle tús lena feachtas polaitíochta féin, ach deir sí nach bhfuil aon spéis aici sa pholaitíocht. Scríobh sí a dírbheathaisnéis Becoming, a foilsíodh sa bhliain 2018 agus díoladh os cionn 10 milliún cóip de. Is cinnte gur bean spreagúil í Michelle, a léiríonn gur féidir le daoine aon rud a bhaint amach má oibríonn siad go dian, agus má chreideann siad ina gcumas féin.
Ceisteanna
1.
2.
3.
4.
5.
6.
7.
8.
9.
10.
Cén sloinne a bhí ar Michelle sular phós sí? Cén dáta breithe atá ag Michelle?
Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá aici? Cén galar a bhí ar a hathair?
Cén saghas dalta ab ea í?
Céard iad na hollscoileanna ar fhreastail Michelle orthu?
Cá háit ar bhuail sí le Barack?
Cad a rinne Michelle mar Bhean an Uachtaráin? Cad a d’fhoilsigh Michelle sa bhliain 2018? Cén saghas mná í Michelle, an dóigh leat, ón sliocht seo a léamh?