Alexander Fleming
Léigh tú an tseachtain seo caite faoi Louis Pasteur. D’fhionn sé conas baictéir a mharú trí rudaí a théamh nó trí dhífhabhtán a úsáid. Thosaigh Alexander Fleming ag fiosrú faoi mhiocrorgánaigh freisin - frídíní go háirithe. Ceimiceoir ab ea an tAlbanach, Fleming. Rinne sé staidéar orthu faoin micreascóp. Theastaigh uaidh slí éigin chun frídíní a mharú a aimsiú. D’éirigh leis an t-antaibheathach, peinicillin, a aimsiú in 1928. D’úsáid sé fungais agus múscáin ina thurgnaimh. De bharr a chuid fionnachtana ní raibh streipteacocas ná eitinn chomh forleathan agus a bhí roimhe sin. Ba é fionnachtain Fleming ceann de na fionnachtana ba thábhachtaí san 20ú haois.