Irish Independent - Seachtain

Úsáid na háibhéile sa scéal béaloidis ‘Oisín i dTír na nÓg’

-

Tréith lárnach den scéal béaloidis ‘Oisín i dTír na nÓg’ is ea an áibhéil. Tá an scéal ag cur thar maoil le háibhéil, draíocht, fantasaíoc­ht agus le nithe eile a bhaineann leis an osnádúr agus le heachtraí atá deacair a chreidiúin­t. Ar ndóigh, ní mór dúinn, mar léitheoirí, an t-amhras a dhíbirt, chun go mbainfimis barr suilt as mar shaothar litríochta.

Tosaíonn an áibhéil lom láithreach sa scéal. Buaileann Oisín ag tús an scéil le ‘trí chéad fear a bhí ag baint chloch i nGleann na Smól’. Tá ag teip orthu an chloch mhór seo a ardú, agus a bhogadh as an tslí. Tá an chloch róthrom dóibh. Cinneann Oisín ar chabhair a thabhairt agus ardaíonn sé an chloch, caitheann sé uaidh í agus cuireann sé ‘seacht bpéirse as a háit í’. Leanann an áibhéil ar aghaidh san eachtra áirithe seo sa mhéid is go n-iompaíonn Oisín láithreach ó ghaiscíoch óg, láidir, fuinniúil go ‘seanduine bhocht dhall’. Tarlaíonn an claochlú seo os comhair na bhfear uilig. Tugtar Oisín i láthair Phádraig Naofa ansin agus insíonn sé a scéal dó. Casann Niamh Chinn Óir air lá amháin agus Oisín amuigh le Fionn agus na Fianna ‘ag seilg fá Loch Léin’. Tagann Niamh Chinn Óir ina bhfianaise ar chapall bán a d’eitil thar na farraigí go hÉirinn ó Thír na nÓg. Áit dhraíochtú­il, dhochreidt­e agus áibhéileac­h atá i dTír na nÓg sa chaoi is go bhfaighead­h duine ‘gach ní inti dá bhfaca súil’. Níl aon ghanntanas ná easnamh i dTír na nÓg. Níl ‘meath ná éag’ ann ach an oiread. Níl a leithéid de rud agus bás ann. Iarrann Niamh ar Oisín imeacht léi ar ais go Tír na nÓg - ní thugann sí aon rogha dó sa mhéid is go gcuireann sí Oisín faoi gheasa imeacht léi. Caithfidh Oisín imeacht anois agus mairfidh sé go deo le Niamh Chinn Óir i dTír na nÓg.

Glacann Oisín lena chinniúint, mar is dual do laoch de chuid na bhFiann, agus téann sé in airde ar an gcapall bán le Niamh Chinn Óir. Fágann siad slán ag na Fianna ag cósta thiar na hÉireann agus eitlíonn an bheirt leo ar chapall bán thar na farraigí siar go Tír na nÓg. Arís eile cuirimid an t-amhras ar leataobh agus an chuid seo den scéal á léamh againn. Le linn an turais siar, feiceann Oisín agus Niamh rudaí draíochtúl­a, áibhéileac­ha cosúil le ‘grianáin lonracha faoi luí gréine’ agus ‘ainnir óg ar each dhonn ag imeacht ar bharr na toinne’ agus ‘an marcach ina diaidh ar each bhán le claíomh chinn óir’. Íomhánna áille, draíochtúl­a atá sna radhairc seo a fheiceann siad feadh an bhealaigh go Tír na nÓg.

Sroicheann Oisín agus Niamh a gceann scríbe ar deireadh, agus tugtar cur síos áibhéileac­h dúinn ar a bhfeiceann siad os a gcomhair, agus ar an bhfáilte a chuirtear roimh Oisín go háirithe. Fearann Rí na nÓg fáilte mhór chroíúil roimh Oisín caitheann siad ‘fleá is féasta a mhair deich n-oíche is deich lá i ndún an rí agus pósadh Oisín agus Niamh’. Tá an ceiliúradh agus an comóradh mór millteach agus áibhéileac­h, d’fhéadfá a rá. Ansin maireann Oisín go sona sásta lena bhean chéile agus triúr páistí, beirt mhac agus iníon amháin.

Tagann cumha i ndiaidh an bhaile ar Oisín le himeacht na mblianta agus teastaíonn uaidh Fionn agus na Fianna a fheiceáil arís. Eitlíonn sé ar ais go hÉirinn ar an gcapall bán in ainneoin an fholáirimh a thugann Niamh dó nach bhféadfaid­h sé filleadh ar Thír na nÓg má leagann sé cos ar thalamh na hÉireann. Is léir gur gné lárnach de scéal béaloidis iad, an áibhéil agus an t-osnádúr.

Gluais:

ag cur thar maoil le = a lán samplaí de an t-amhras a dhíbirt = suspension of disbelief

lom láithreach = láithreach/ar an toirt cinneann = déanann sé suas a intinn claochlú = athrú mór ina bhfianaise = ina láthair/in their presence

glacann Oisín lena chinniúint = glacann Oisín lena bhfuil i ndán dó feadh an bhealaigh = an bealach ar fad cumha i ndiaidh an bhaile = caitheamh i ndiaidh an bhaile/ pining for home

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland