Irish Independent - Seachtain

Léiriú ar an ngrá sa scéal béaloidis ‘Oisín i dTír na nÓg’

-

Is cinnte go bhfuil an grá an-tábhachtac­h sa scéal béaloidis ‘Oisín i dTír na nÓg’ agus gur féidir é a shonrú ó thús deireadh an scéil. Ar dtús, feicimid Oisín agus é i ndiaidh filleadh ar Éirinn tar éis dó a bheith i dTír na nÓg. Teastaíonn uaidh filleadh abhaile ar cuairt mar braitheann sé uaidh a athair agus a chairde. Léiríonn an mhian seo an grá atá ag Oisín dóibh, tá sé sásta gach rud atá aige lena bhean Niamh agus lena chlann, a chur ar leataobh le filleadh ar a ghaolta agus ar a chairde.

Nuair a thiteann Oisín den chapall, insíonn sé a scéal do Phádraig Naofa agus tá an grá mar chroílár na hinsinte sin. Labhraíonn sé faoin ‘maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra’ agus é ag seilg leis na Fianna. Insíonn sé dó faoin mbean álainn, Niamh Chinn Óir, a tháinig chuige le ‘coróin ríoga ar a ceann [agus] gruaig ina duala buí óir ar sileadh léi agus a gormshúile mar dhrúcht ar bharr an fhéir’. Is léir go bhfuil grá le feiceáil sa chur síos seo agus go gceapann Oisín go bhfuil Niamh dathúil, éagsúil agus álainn. An lá sin, deir Niamh go bhfuil ‘grá éagmaise’ aici d’Oisín ó chuala sí faoina chuid gaiscí agus faoina dhathúlach­t. Insíonn Oisín do Phádraig nárbh fhéidir leis diúltiú don bhean álainn seo agus gurb í a ‘rogha thar mhná an domhain’ agus go dtugann sé grá di go fonnmhar.

Tá an grá le feiceáil arís nuair a imíonn Oisín ó Éirinn go Tír na nÓg le Niamh. Tagann brón agus ‘cumha’ ar Oisín agus ar a athair Fionn. Agus é ag imeacht ‘shil na deora frasa anuas le grua Oisín agus phóg sé a athair go caoin’. Is léir go bhfuil an bheirt acu croíbhrist­e nach mbeidh Oisín leis na Fianna a thuilleadh, ach tá an grá atá ag Oisín do Niamh níos láidre agus níos cumhachtaí ná aon ghrá a mhothaigh sé roimhe sin.

Léiríonn Niamh a grá d’Oisín nuair a impíonn sí air ‘fá thrí’ gan teacht anuas den chapall bán a thugann sí dó chun filleadh ar Éirinn. Tá buairt agus imní Niamh le feiceáil go sonrach anseo mar tá grá as cuimse aici dó.

Ag deireadh an scéil tá grá láidir le feiceáil. Tá Oisín sean, dall agus uaigneach i gcomhluada­r Phádraig. B’fhearr leis a bheith sa bhaile le Niamh agus leis na páistí, ná bheith ansin in Éirinn gan a athair, a chairde ná a bhuíon saighdiúir­í. Tá sé croíbhrist­e toisc go bhfuil an grá sin caillte go deo aige.

Gluais:

braitheann sé uaidh: airíonn sé uaidh an mhian: rud a theastaíon­n uait croílár na hinsinte: Croílar an scéil go fonnmhar: go toilteanac­h/willingly níos cumhachtaí: níos láidre impíonn sí: iarrann sí a bhuíon saighdiúir­í: a ghrúpa saighdiúir­í

Gramadach

Tá sé fhocal i gcló trom sa sliocht thuas. Cén ghné de ghramadach na Gaeilge atá i gceist? Cén aimsir atá i gceist? Ag obair leis an duine in aice leat cuir na briathra i gcló trom san Aimsir Chaite agus san Aimsir Fháistinea­ch. Ansin cuir sa Mhodh Coinníolla­ch iad.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland