100 bliain den Ghaeilge i nDáil Éireann
Beidh plé poiblí ar siúl Dé Luain seo chugainn mar gheall ar úsáid na Gaeilge sa Dáil ó bunaíodh an pharlaimint náisiúnta céad bliain ó shin.
Ar na cainteoirí a bheidh páirteach sa phlé painéil a bheidh ar bun in Ollscoil Mhá Nuad beidh an Teachta Dála Catherine Connolly, a bhaineann úsáid as an nGaeilge le linn díospóireachtaí,
Vivian Uíbh Eachach atá ag obair i Roinn an Aistriúcháin i dTeach Laighean agus Gearóid Ó Lúing ón Leabharlann Náisiúnta.
Imeacht é seo dar teideal ‘Scathán ar fhorbairt sa tsochaí’ agus beidh sé ar siúl i Halla Renehan Dé Luain, 25 Samhain idir a 5 agus a 7 tráthnóna. Comhimeacht é seo le RTÉ Raidió na Gaeltachta.