BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Bímis buíoch as na rudaí beaga. Ar a laghad fuair foireann na hÉireann cúl in éadan na Danmhairge agus níor chailleamar an cluiche.
Anois agus an tarraingt á déanamh do na babhtaí cáilithe deiridh an Aoine beag seo, beidh an dea-thaispeántas a thug foireann Mick McCarthy in éadan na nDanmhargach ina údar dóchais agus Éire ag iarraidh an deis dheireanach seo a thapú ar áit a bhaint amach i mbabhtaí craoibhe Euro 2020 a bheidh ar bun i gcathracha ar fud na hEorpa.
Gach seans go mbeidh ar fhoireann na hÉireann ár gcomharsana Ceilteacha, an Bhreatain Bheag, a shárú sna babhtaí cáilithe úd. Tá seans freisin go mbeidh orainn an tSlóvaic nó an Bhosnia a imirt freisin.
Níl deireadh lenár seansanna go fóill. Is cinnte go bhfuil go leor ag brath ar cé acu an éiríonn linn dul tríd go dtí na babhtaí craoibhe.
Dream amháin a bheidh ag súil le dea-thoradh ná Cumann Sacair na hÉireann atá ag brath ar an ioncam teilifíse le cáiliú dos na babhtaí craoibhe.