Irish Independent - Seachtain

COIMEÁD SÚIL AR

Mhná Mhainistir na Móna

-

Imreofar Cluiche Ceannais Uile-Éireann na gClub ag an deireadh seachtaine idir mná Mhainistir na Móna agus mná Chill Choirín agus foireann Chorcaí ag iarraidh greim a choimeád ar Chorn Dolores Tyrell ar feadh bliain amháin eile.

Bhuaigh foireann Chorcaí an corn anuraidh den chéad uair tar éis gur theip orthu i dtrí chluiche ceannais i gceithre bliana roimhe sin, 2014, 2015 agus 2017.

Creideann Eimear Meaney (thuas ar chlé) ó Mhainistir na Mona go seasfaidh an taithí a fuair siad sna cluichí ceannais a chaill siad leo in aghaidh fhoireann na Gaillimhe.

 ?? PIC: SEB DALY / SPORTSFILE ??
PIC: SEB DALY / SPORTSFILE
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland