Bia amú: €1,000 sa bhruscar gach bliain sa ghnáth-theaghlach
Tá teaghlaigh ag cur suas le €1,000 amú gach bliain de bharr bia a chaitheamh amach, dar le gníomhaí timpeallachta, agus bíonn tionchar ollmhór aige ar an athrú aeráide.
Nocht an Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (nó an EPA) an caillteanas mór airgid sin do Seachtain agus í ag iarraidh nósmhaireachtaí na tíre a athrú agus ár carbóin a ísliú suas le 10%.
Táthar ag impí ar theaghlaigh a nósanna a athrú – agus €20 in aghaidh na seachtaine a shábháil – agus tá an EPA tar éis a léiriú go gcuirimid 200,000 tona bia amú sa bhaile gach bliain agus go gcaithimid 800,000 tona eile amach.
“Maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide, is féidir le gach duine an méid lorg bia a chuireann siad amú a laghdú,” a dúirt Mary Frances Rochford, Bainisteoir Clár an EPA, le Seachtain.
“Tá gach teaghlach ag cur idir €700 agus €1,000 amú gach bliain, agus bíonn níos mó i gceist i dteaghlaigh níos mó.
“Bímid ag caint faoin athrú aeráide agus faoin ngá atá le gníomhú, ach bíonn sé deacair a fheiceáil cár cheart dúinn tosú. Is bealach láithreach agus éifeachtach é cur amú bia a laghdú chun do lorg carbóin pearsanta a laghdú.
“Dá ndéanfadh gach teaghlach in Éirinn iarracht an méid bia a chuireann siad amú a laghdú, chabhródh sé go mór leis an lorg carbóin náisiúnta a laghdú. Ní neart go cur le chéile, agus is fíor sin agus muid
ag iarraidh fadhbanna mar seo a shárú.”
Tá an Nollaig ag druidim linn go tapa, agus deir an EPA go gcuirtear níos mó bia amú an tráth seo bliana ná uair ar bith eile.
“Cuirtear níos mó ná an ceathrú cuid den bhia ar fad a tháirgtear amú. In Éirinn, cuirimid níos mó ná milliún tona bia amú gach bliain, agus is ionann é sin agus lorg carbóin atá chomh hard le 3.6 milliún tona de dhé-ocsaíd charbóin,” a dúirt Mary.
Tá trí chéim shimplí ag an EPA chun go bhféadfadh daoine aonair agus teaghlaigh tosú ag dul i ngleic le cur amú bia:
Scríobh
lliosta siopadóireachta, agus cloígh leis
Déan a mhéad agus is féidir leis an mbia a cheannaíonn tú; ná déan dearmad ar an bhfuílleach bia
Nuair a athraíonn a raibh beartaithe agat, cuir do bhia sa reoiteoir agus úsáid lá éigin eile é
Tá an EPA ag spreagadh gach duine le gealladh nach gcuirfidh siad bia amú ar feadh seachtaine. Téigh go www. stopfoodwaste. ie chun níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a bhféadfá féin tosú ag laghdú an méid bia a chuireann tú amú.
ll