FOCLÓIRÍN
Cúpla seachtain ó shin san alt seo phléamar tionscnamh chun coiscíní a chur ar fáil saor in aisce ar gach campas tríú leibhéal, b’fhéidir gur chóir go mbeadh na coiscíní saor in aisce sin le fáil sna tithe altranais agus hallaí biongó. B’fhéidir gur chóir go mbeadh coiscíní saor in aisce i ngach áit.
Ó 2016 tá méadú 130% tagtha ar líon na gcásanna gónaireatha i ndaoine os cionn 60 bliain d’aois sa tír seo. Deir údair an taighde go gcreideann seanóirí nach bhfuil aon riosca ag baint le suirí is tú sna seascaidí nó níos sine. Níl a fhios agam! dorchadas: darkness
fostaí: employee
tionscnamh: initiative
seanóirí: the elderly