Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
Tá roinnt mhaith oibre agam duit an tseachtain seo chun tú a choinneáil ag obair go dian dícheallach. Ar dtús, féachfaidh mé ar an ngearrscéal ‘Focalghníomh’ le Ré Ó Laighléis, atá ar chúrsa na chéad bhliana do scoileanna T1. Tá léamhthuiscint an-spéisiúil go deo agam do lucht na hArdteiste faoin gclub ‘Na Gaeil Óga’, a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Léiríonn scéal an chlub gur féidir an Ghaeilge a spreagadh in áit ar bith ag am ar bith.
An tseachtain seo chugainn: Gearrscannán ‘El Toro’
Bain sult as ábhar an eagráin seo.
Shane