‘Focalghníomh’ le Ré Ó Laighléis
(Scoileanna T1: An Chéad Bhliain)
An teideal atá ar an ngearrscéal seo ná ‘Focalghníomh’. Baineann an scéal le buachaill óg, Dara, atá i rang a ceathair sa bhunscoil, agus an feachtas síochánta a bhunaíonn sé chun deireadh a chur le drochbhulaíocht ina scoil. Léiríonn Dara nach bhfuil gá le foréigean ná le troid chun sprioc a bhaint amach. Éiríonn leis dul i bhfeidhm ar bhulaithe rang a sé, le taispeántas bunaithe ar fhilíocht agus ar óráidí cáiliúla.
Ré Ó Laighléis
Rugadh Ré Ó Laighléis sa bhliain 1953. Tógadh é i Sail an Chnocáin (An Naigín) i gContae Bhaile Átha Cliath. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa tsocheolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chaith sé tamall ina mhúinteoir. Ó 1992 i leith, tá cónaí air sa Bhoireann, Co. an Chláir agus is scríbhneoir lánaimseartha é. Scríobhann sé gearrscéalta agus úrscéalta, do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta.
Ceisteanna
1. Cá raibh Dara nuair a chuala sé an cailín, as rang a sé, ag déanamh bulaíochta ar Yashi?
Cárbh as do Yashi agus cén fáth ar éalaigh sé óna thír féin? Cén fáth nach raibh Dara in ann lascadh a thabhairt don bhuachaill i rang a sé?
Cad chuige ar cheap Dara gur ‘plean réamhbheartaithe’ a bhí sa bhulaíocht?
5. Cén saghas duine a bhí i mBean Uí Dhálaigh?
6. Cén saghas dalta a bhí i nDara?
7. Cad a dúirt Bean Uí Dhálaigh faoi Gandhi?
8. Cén t-ábhar a bhí sa leabhar a bhí á léamh ag Dara?
9. Cad a bheartaigh na daltaí a chur ar fáil do dhaltaí eile?
10. Cén fáth ar cheap Dara gur plean maith a bhí ann, an taispeántas a chur ar fáil do dhaltaí rang a sé?
11. Luaigh dhá rud a léadh ag an taispeántas.
12. Conas mar a chuaigh an taispeántas i bhfeidhm ar na bulaithe?
2.
3.
4.