Féile an Altaithe
Rud nua is ea Cibearluan (Cyber Monday). Beidh sladmhargadh ar siúl ar an Luan, an 2 Nollaig, ar earraí teicneolaíochta agus digiteacha. An gceannóidh tú aon rud sa sladmhargadh?
Bíonn an-chuid cainte ar scannáin agus ar chláir teilifíse faoi Fhéile an Altaithe (Fhéile an Bhuíochais) i Meiriceá. Ach cad é agus cén fáth a mbíonn féile ar siúl?
Is lá saoire náisiúnta é sna Stáit Aontaithe. Déantar an fhéile a cheiliúradh ar an gceathrú Déardaoin i mí na Samhna. Thosaigh sé mar fhéile ag ceiliúradh an Fhómhair. Thosaigh an ceiliúradh ar dtús in 1789. D’ordaigh an tUachtarán Abraham Lincoln, in 1863, go mbeadh sé ina lá saoire ar fud Mheiriceá. Is in 1942 a cinneadh go ndéanfaí é a cheiliúradh ar an gceathrú Déardaoin de mhí na Samhna.
Ba iad na hoilithrigh a cheiliúir an Domhan Nua i mí Dheireadh Fómhair 1621. B’in an chéad Fhéile de chuid Fhéile an Altaithe. Mhair an ceiliúradh trí lá agus bhí 90 Meiriceánach Dhúchasacha i láthair chomh maith le 53 oilithreach.
Bronnann na Meiriceánaigh bronntanais ar a chéile ar Fhéile an Altaithe agus bronntar bronntanais arís ar Lá Nollag. Nach méanar dóibh!