Na Gaeil Óga: Cumann atá faoi bhláth
Beagnach deich mbliana ar an bhfód atá na Gaeil Óga, club peile, iománaíochta agus camógaíochta, de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Imríonn foirne an chlub a gcuid cluichí i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Chaitríona Naofa i Leamhcán in oirthear Bhaile Átha Cliath. Ní haon ghnáthchlub nuabhunaithe CLG é na Gaeil Óga, áfach. Is trí mheán na Gaeilge amháin a reachtáiltear gach aon ghné den chlub. Gaeilge amháin a labhraítear ag na cluichí agus ag na seisiúin traenála, i measc na n-imreoirí. Gaeilge amháin a labhraíonn na cóitseálaithe agus na bainisteoirí le páistí óga an chlub, agus iad dá n-oiliúint. Gaeilge amháin a labhraítear i measc bhaill an chlub agus cruinniú nó ócáid shóisialta faoi lán seoil. Club ar leith is ea na Gaeil Óga ar an gcaoi sin, agus is iontach go deo an rud é go bhfuil an club ag dul ó neart go neart. spraíúil agus taitneamhach. Deir Daithí de Buitléir, duine de bhunaitheoirí an chlub, gurbh shin é go díreach an rud a theastaigh ó Ghaeilgeoirí óga Bhaile Átha Cliath - go gcuirfí deiseanna ar fáil do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach normálta. Níorbh ann do na deiseanna sin go dtí sin, agus go deimhin, ar bhealach ní hann dóibh fós, taobh amuigh de na Gaeil Óga.
Tá cúig fhoireann éagsúla sa chlub do dhaoine fásta anois. Tá dhá fhoireann pheile ann, foireann iománaíochta, foireann pheil na mBan agus foireann camógaíochta. Chomh maith leis na himreoirí, tá baill eile sa chlub, a dhéanann a gcuid ar son na cúise ar bhealaí eile. Ní hamháin go bhfuiltear ag freastal ar dhaoine fásta, ach tá foirne faoi-aois ag an gclub ón mbliain 2014 chomh maith. Anois tá os cionn 100 páiste ag imirt leis an gclub. Is mór an t-éacht é.