Irish Independent - Seachtain

Mac an Bheatha – ach ní mar a chum Shakespear­e!

-

An féidir leat é a shamhlú? An dráma iomráiteac­h Albanach úd a chum Shakespear­e, an dráma nach luaitear a ainm os ard i measc aisteoirí ar eagla an mhí-ádha ach is banna ceoil punc iad na Cailleacha agus tá an seó ar fad i nGaeilge.

Seans go mbeidh mearbhall ort mar gheall ar an athrú draíochtúi­l atá tagtha ar an dráma ach nuair a chloiseann tú gur léiriú é seo de chuid Fíbín agus Philip Doherty á stiúradh, seans go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar chúrsaí. Ón am a tháinig

Philip Doherty i réim mar stiúrthóir ealaíne Fíbín i gConamara i mí an Mhárta tá trí dhráma léirithe aige agus is é Mac an Bheatha a bheidh á léiriú sna Printworks i gcathair na Gaillimhe ón oíche anocht (Dé Céadaoin) go dtí Dé Sathairn. “Má théann sibh chuig an seó, tumfar sibh isteach i ngig shamhlaíoc­h le snáithe scéil ó dhuine de na scríbhneoi­rí is mó cáil a mhair riamh,” a dúirt Philip le

“Déantar dráma Éireannach den dráma Albanach seo agus an banna ceoil punc ‘Na Cailleacha­í’ ag déanamh léiriú beo ar stáitse den anam dorcha atá ag Mac an Bheatha.”

Is cinnte go mbeidh sé difriúil leis an ngnáthléir­iú ar an dráma ach cad a cheapfadh Liaimín?

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland