Linda ar ghearrliosta do ghradam óna pobal féin
Ní minic a aithnítear fáidh i measc a mhuintire féin ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil Linda Ervine tar éis aitheantas a fháil óna pobal féin as ucht an méid oibre atá á dhéanamh aici chun an teanga a chur chun cinn i measc an phobail aontachtaigh.
Tá ainm Linda, a bhíonn ag obair san ionad Skainos faoi scáth chrainn tógála iomráiteacha Harland and Wolff in oirthear Bhéal Feirste, luaite ar an ngearrliosta do ghradam ‘Laoch an Phobail’, scéim aitheantais atá á reáchtáil in oirthear Bhéal Feirste.
Is dul chun cinn suntasach an t-aitheantas seo mar go léiríonn sé, seans, go bhfuil níos mó glacadh leis an nGaeilge i measc an phobail aontachtaigh tráth a bhfuil na páirtithe aontachtacha fuar go maith i leith na teanga.
Ag tús an fhómhair i mbliana bhog Turas, an t-eagras a bhunaigh Linda, go hoifigí nua.