Irish Independent - Seachtain

Deireadh seachtaine i gCorca Dhuibhne le mo chuimhní ar an seana-bhuachaill

- DÁITHÍ Ó SÉ

Fuaireas deis dul abhaile go Corca Dhuibhne ag an ndeireadh seachtaine. Ní minic a tharlaíonn sé seo taobh amuigh do m’am saoire mar go bhfaighim deacair é ar an mbóthar an t-am ar fad agus chomh maith leis sin tagann mo mháthair chugainn, rud go fuilim fíorbhuíoc­h dó.

Bhí Féile Litríochta an Daingin ar siúl agus bhíodar ag ceiliúradh scríbhneoi­reacht Mhaidhc Dainín. Leithscéal iontach le dul abhaile a deir tú.

Bhíos chun deireadh seachtaine a dhéanamh dó, ach bhíos ag obair i gCill Dara ar an Aoine agus ní raibh agam ach an t-aon oíche amháin.

Ní raibh an leaid ag braistint go maith agus dúirt Bean an Tí liom dul im’ aonar. De ghnáth is dea-scéal é seo, dul abhaile go Corca Dhuibhne liom fhéin.

Bhí sé seo difriúil mar go raibh an chlann ar fad ann agus ní minic a thagann an gang ar fad le chéile. Sochraid m’athar an uair dheireanac­h, mar a tharlaíonn sé!

Bhí an ócáid fhéin ana-dheas le cuid mhaith do chairde m’athar ann agus gach éinne agus a chúram fhéin acu.

Níl aon dabht ann ach go mbeadh an seana-bhuachaill anashásta leis an ‘line up’.

Bhí sé go hálainn na scéalta ar fad a chloisint fé m’Athair agus áthas ar dhaoine iad a insint.

Is cuimhin liom an bhliain a cailleadh é, cailleadh beirt ógánach taobh istigh do chúpla mí agus ba bhuille ana-mhór don bparóiste a bhí ann.

Is mó rud go rabhamar ag caint air le linn na hoíche.

Ní raibh seo ach ina thús, an chéad chuid don oíche. Bhí triall gach éinne ar thábhairne an Bhóthair ina dhiaidh. Áit go mbíodh an fear a bhí á chéiliúrad­h go minic.

Bhí bród orainn ar fad, ach sí mo

Mháthair a las suas níos mó ná éinne eile.

Labhraíonn sí ar m’Athair mar go bhfuil sé fós timpeall agus níl aon dabht ann ach go maireann sé inti i gcónaí.

Cé gur mhór an onóir oíche chéiliúrth­a a bheith ann, bhí uaigneas ann chomh maith agus tá an chúis soiléir.

Bhuail an t-uaigneas seo mé an lá dár gcionn agus mé ag fágaint. Is dócha nuair a chailltear duine go mbogann an saol ar aghaidh do gach éinne eile mar sin mar atá an saol. Tugann ócáid mar seo deis duit stad agus féachaint siar agus anáil a tharrac.

Is fíor a rá gur boichte mo shaol gan m’athair!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland