Irish Independent - Seachtain

BUAICPHOIN­TE NA SEACHTAINE

-

Is féidir a bheith ag caint faoi Christy Ring is Pat Spillane, faoi laochra Átha Cliath is cait Chill Chainnigh, ach is ar éigean go sárófar éacht Rena Buckley ón Domhnach Mhór ón lá seo go dtí an lá deireanach a imreofar cluichí Gaelacha ar an saol.

Agus í ag imirt lena foireann, an Domhnach Mhór ó Mhúscraí i gCorcaigh, d’éirigh le Rena bonn UileÉirean­n a bhuachaint don 21ú huair agus a foireann buacach i gcluiche ceannais Chraobh Shóisear na hÉireann i bPeil na mBan. Sháraigh foireann Chorcaí mná Chumann Mhic Éil ó Mhaigh Eo i mBéal Átha an tSluaighe i nGaillimh, 1-12 in aghaidh 1-11 tar éis am breise. D’éirigh le Rena, atá ag obair i Maigh Chromtha mar theiripeoi­r aclaíochta, seacht gcúilín a aimsiú.

Ba iad an dá chic shaora a chuir Rena thar an trasnán in am breise a chinntigh an bua do mhná Chorcaí.

“Bhí an cluiche sin chomh teann is chomh lán teannais le haon chluiche a d’imir mé riamh,” a dúirt Rena tar éis an chluiche.

Tá 11 chraobh sinsear pheile Uile-Éireann buaite ag Rena le Corcaigh, chomh maith le seacht gcraobh chamógaíoc­hta.

Anuas air sin arís bhuaigh Rena dhá chraobh sinsear Uile-Éireann leis an Domhnach Mhór gan í ach ina déagóir.

Is cuma le Rena faoi líon na mbonn, áfach, nó níl sí ach chomh maith lena céad chluiche eile, a thug sí le fios. Agus tá sí ag súil go mór leis!

 ?? PIC: HARRY MURPHY / SPORTSFILE ??
PIC: HARRY MURPHY / SPORTSFILE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland